Chuir Uisce Éireann tús le mórthionscadal fuíolluisce laistigh de Ghaeltacht na nDéise
Tá áthas ar Uisce Éireann a fhógairt gur cuireadh tús leis an uasghrádú ar an gcóras bailithe fuíolluisce agus cóireála uisce stoirme i mBaile na nGall, atá suite laistigh de Ghaeltacht na nDéise, Contae Phort Láirge.
Áireofar leis an tionscadal uasghrádú a dhéanamh ar an stáisiún caidéalúcháin atá ann cheana sa Mhóta, dhá stáisiún caidéalúcháin eile, 3km de shéarach nua agus áit eile stórála uisce stoirme chun minicíocht Sceitheanna Uisce Stoirme (SWOanna) sa bhá a laghdú.
Rachaidh na hoibreacha uasghrádaithe go mór chun tairbhe don phobal áitiúil agus cinnteofar go gcloífear le rialacháin fuíolluisce náisiúnta agus AE. A luaithe a bheidh na hoibreacha curtha i gcrích, beidh feabhas ar cháilíocht an uisce i gCuan Dhún Garbhán, Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC), agus cosnófar gnáthóg uisceach oisrí agus sliogéisc eile laistigh den uisce sliogéisc ainmnithe seo.
Agus é ag trácht ar bhuntáistí an tionscadail, dúirt Bainisteoir Cláir Uisce Éireann, Colm Claffey “Cinnteoidh an bonneagar nua agus feabhsaithe go gcaithfear go cuí le fuíolluisce i mBaile na nGall de réir na gcaighdeán comhshaoil is airde sula scaoilfear amach go sábháilte é sa timpeallacht mhuirí.”
“Cuirfidh an tionscnamh seo le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na bpobal sa réigiún gleoite seo de Phort Láirge. Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl don phobal freisin as a bhfoighne agus a dtacaíocht le linn sholáthar an tionscadail ríthábhachtaigh seo.”
Chuir Jason Murphy, Cathaoirleach Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, fáilte roimh thús an tionscadail seo, a dúirt “Is iontach an tionscadal seo a fheiceáil faoi lán seoil. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh ár dtimpeallacht a chosaint. Leis an uasghrádú seo, táimid ag glacadh céim ollmhór sa treo ceart maidir lenár dtimpeallacht a fheabhsú, go háirithe sa Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta seo.”
Tá David Walsh Civil Engineering Ltd ag obair thar ceann Uisce Éireann chun an tionscadal seo a chur i gcrích. Táthar ag súil go mbeidh an tionscadal seo curtha i gcrích i bhfómhar na bliana 2026.
Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce agus fuíolluisce poiblí uile in Éirinn a sheachadadh. Táimid tiomanta do bhonneagar criticiúil a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacú leis an bhfás atá riachtanach i dtithíocht agus ar fud ár ngeilleagair, agus an comhshaol á chosaint agus soláthairtí uisce á gcosaint.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na hoibreacha, tabhair cuairt ar an leathanach gréasáin.