An Nuálaíocht ag Uisce Éireann
Táimid ag cur an nuálaíocht chun cinn in earnáil an uisce laistigh dár n-eagraíocht agus trí chomhoibriú le tríú páirtithe, lena n-áirítear ár slabhra soláthair, Eagraíochtaí a Sholáthraíonn Taighde agus an Tionscal.
Is mian linn cultúr nuálaíochta agus comhoibrithe a chothú in earnáil na seirbhísí uisce chun todhchaí inbhuanaithe a chumasú d’Éirinn.

Próiseas nuálaíochta Uisce Éireann
Caighdeáin agus Sonraíochtaí
Is féidir ár gcuid caighdeán agus sonraíochtaí a fheabhsú agus a nuashonrú go leanúnach mar ardán chun dea-chleachtais agus nuálaíocht san inbhuanaitheacht a roinnt. Is féidir leis an malartú eolais seo dlús a chur le glacadh réitigh éifeachtacha ar fud Uisce Éireann.

An Ciste Nuálaíochta Seirbhísí Uisce CRF
Is forbairt iontach é an Coimisiún um Rialáil Fóntais a chuireann ar chumas Uisce Éireann infheistiú a dhéanamh i dtionscadail nuálacha deartha chun buntáistí a sholáthar do chustaiméirí.
An Ciste Nuálaíochta Seirbhísí Uisce CRF
Is forbairt iontach é an Coimisiún um Rialáil Fóntais a chuireann ar chumas Uisce Éireann infheistiú a dhéanamh i dtionscadail nuálacha deartha chun buntáistí a sholáthar do chustaiméirí.

Infheistiú i dtionscadail nuálacha

Socruithe oibríochtúla feabhsaithe

Iniúchadh agus taighde a dhéanamh ar theicneolaíochtaí nuálacha
Cuspóirí an tionscadail
Ní mór go ndeartar na tionscadail nuálacha seo le dul níos faide ná ceann de na spriocanna seo a leanas:
- Seirbhísí uisce slán, sábháilte, agus iontaofa a sholáthar
- Tuiscint níos fearr ar iompair chustaiméirí agus na rudaí atá taobh thiar de rannpháirtíocht custaiméirí éifeachtach
- Coigilteas fuinnimh níos fearr a dhéanamh i soláthar seirbhísí uisce
- Caighdeáin timpeallachta cuí a bhaint amach agus spriocanna na Creat-treorach Uisce
- Maolú ar thionchair athraithe aeráide diúltacha
- Soláthar seirbhísí uisce i mbealach eacnamaíoch agus éifeachtúil.
- Caomhnú acmhainní uisce feabhsaithe
Ár bhfís
Is mór againn uisce mar acmhainn luachmhar, nádúrtha a mbraitheann caighdeán na beatha air. Trí mhaoirseacht fhreagrach, bainistíocht éifeachtúil agus comhpháirtíochtaí láidre, déanaimid ár ndícheall bonneagar uisce den chéad scoth a bheith againn a chinntíonn go mbíonn seirbhísí uisce sábháilte agus inbhuanaithe, rud atá riachtanach dár sláinte, dár bpobail, an geilleagar agus an timpeallacht.
Tá ár bhfís tacaithe faoi Ráiteas Beartais Seirbhísí Uisce an Rialtais. Leagann sé amach príomhphrionsabail agus spriocanna beartais thar na príomhréimsí téamacha cáilíochta, caomhnaithe agus chun féachaint chuige go seasfaidh sé an aimsir idir seo agus 2025.
Tionscadail an Chiste Nuálaíochta Seirbhísí Uisce
Leanúnach
Leanúnach
Moltar sa tionscadal seo dearbhú ar an gcaoi, más ea, go bhféadtar an Sloda Gráinneach Aeróbach (SGA) laistigh de Stáisiúin Chóireála Fuíolluisce SGA tiomnaithe d’Uisce Éireann (WWTPanna) a úsáid in WWTPanna neamh-SGA chun a n-acmhainneacht nó a bhfeidhmíocht chóireála a fheabhsú.
Arna chríochnú ag deireadh 2024 agus an tuarascáil chlabhsúir le foilsiú in 2025.
Leanúnach
Is é aidhm an tionscadail seo léirmheas litríochta agus samhail choincheapúil den chineál is nua-aimseartha a ghiniúint ar shil-leagain ghláracha na hÉireann, agus torthaí staidéar foilsithe á dtarraingt le chéile le hábhar an bhunachair shonraí chun samhlacha coincheapúla a bhunú de hidreolaíocht shil-leagain gláracha agus shilleagain oigheardhobhracha ghaolmhara na hÉireann. Sa dara céim den tionscadal déanfar iarracht iniúchadh a dhéanamh ar dhruileáil tollphoill a bheidh ar aon dul leis an gclár um Chothromaíocht Soláthair agus Éilimh agus le tionscadail a bhaineann le hacmhainn.
Críochnú measta – I lár 2026.
Leanúnach
Imscrúdú a dhéanamh ar an deis a bhaineann le táirgeadh agus feidhmeanna Kaumera d’fhonn fotháirge luachmhar a ghiniúint ó shloda fuíolluisce. Tá an tionscadail sin curtha siar faoi láthair mar tá imscrúdú á dhéanamh ag Uisce Éireann ar thosaíochtaí agus ar chur chuige an gheilleagair chiorclaigh níos leithne.
Leanúnach
Déanfaidh an tionscadal taighde seo grinnscrúdú ar an gcumas teicniúil agus an scóip fhéideartha chun STRBanna a imlonnú chun sloda Alum a bhainistiú ar sócmhainní IW. Má éiríonn leis, ceaptar go mbeifear in ann uasghrúduithe riachtanacha a dhéanamh ag caipiteal eisíocaíochta cosúil le réitigh bhainistíochta sloda traidisiúnta ach le laghduithe suntasacha opex.
Críochnú measta – I lár 2025.
Leanúnach
Leis an tionscadal sin déanfar iarracht próifílí riosca bunaithe in abhantracha a shainaithint lena ndéanfar bearta cosanta foinsí a threorú. Bheadh sé ina thoradh inmhianaithe ar an tionscadal go gcinnteofaí an leibhéal cóireála is iomchuí a theastaíonn le haghaidh Cripteaspóiridiam a bhaint / a dhíghníomhachtú ar leibhéal an láithreáin aonair, agus infheistíocht i gcóireáil á seachaint maidir le soláthairtí ísealriosca agus ar an mbealach sin timthriallta infheistíochta amach anseo a bheadh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a threorú.
Críochnú measta – I lár 2025.
Leanúnach
Faomhadh an tionscadal seo le haghaidh maoiniú CNSU (An Ciste Nuálaíochta Seirbhísí Uisce) ón CRF agus is é Uisce Éireann a thabharfaidh faoi, i gcomhpháirtíocht le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Déanfar iarracht leis an tionscadal deiseanna a fhorbairt a thuilleadh chun Réitigh Bunaithe ar an Dúlra (RBD) a úsáid, ag féachaint do na buntáistí i gcomparáid le gnáthchórais mheicniúla cóireála fuíolluisce. De bharr eolas agus cleachtais reatha cuirtear teorainn ar na deiseanna le haghaidh RBD a úsáid chun fuíolluisce a chóireáil mar gheall ar an gcur chuige a ghlactar maidir le Luachanna Teorann Astúcháin a shocrú (LTAnna) bunaithe ar theorainneacha tiúchana eisiltigh agus ós rud é freisin go bhfuil feidhmeanna teoranta réitigh RBD ann faoi láthair maidir le cóireáil fuíolluisce in Éirinn.
Críochnú measta - Deireadh 2026.
Leis an tionscadal seo deimhneofar an clúdach dearaidh le haghaidh bogaigh cóireála dromchla ag díriú ar bhaint fosfair agus ar an gcomh bhuntáiste comhoiriúnach de cheapadh carbóin a sholáthar, agus cuirfear moltaí ar fáil freisin maidir lena ndearadh, a n-oibriú, agus a gcothabháil.
Chuaigh Uisce Éireann i gcomhpháirt le hOllscoil Cranfield agus le fóntais agus rialálaithe uisce/fuíolluisce éagsúla sa RA (Thames Water, Anglian Water, Dŵr Cymru/[Welsh Water, Yorkshire Water, Northumbrian Water, United Utilities, UK Environment Agency (EA)) chun an tionscadal sin a chur i gcrích.
Críochnú measta - Deireadh 2026.
Críochnaithe
Curtha i gCrích
Ba é cuspóir an tionscadail sin taighde a dhéanamh agus tuiscint a fháil ar riachtanais agus ar ionchais Custaiméirí, lenar áiríodh conas is mian le custaiméirí dul i dteagmháil linn. Tríd an tionscadal sainaithníodh réitigh theicniúla agus theagmhála atá in úsáid ag eagraíochtaí comhchosúla. Fuarthas amach gurbh í seirbhís fógraí faoi bhristeacha le haghaidh teagmhais bheartaithe agus neamhbheartaithe dár gcustaiméirí tí agus d’eagraíochtaí ar bith a bhfuil spéis acu i leas a bhaint as an tseirbhís sin an réiteach is inoibrithe, lena n-áirítear:
- Feidhm roghnach trí fhoirm ghréasáin agus Éirchód agus uimhir fón póca á n-úsáid.
- Saoráid scar-rogha trí SMS agus tríd an leathanach gréasáin.
- Nuair a théann teagmhas uisce i bhfeidhm ar dhuine aonair agus ar a Éirchód atá cláraithe, déantar cumarsáidí SMS a eisiúint anois.
- Seoladh an tseirbhís sin le déanaí agus tacaíodh léi trí fheachtas náisiúnta fógraíochta.
- Tá tuarascáil chlabhsúir ina leith sin beartaithe do R1 in 2025.
- Táimid ag féachaint ar roghanna chun an tseirbhís fógraí SMS a chuirtear ar fáil a fheabhsú a thuilleadh.
Curtha i gCrích
Iniúchadh a dhéanamh ar theicneolaíochtaí atá ábhartha do mhéadrú forbairtí ilaonaid nó 'MUDanna' (cosúil le bloic árasán).
Curtha i gCrích
Ídiú inbhuanaithe uisce tí a chur chun cinn trí bhonn fianaise a thógáil do chláir chaomhnaithe uisce amach anseo.
Curtha i gCrích
Na dobharcheantair in Éirinn is íogaire d’athrú aeráide a shainaithint i dtaobh acmhainní uisce / triomaigh trí mhodheolaíocht measúnaithe nuálaíoch a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Críochnaithe
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo tréithriú a dhéanamh ar eisilteach trádála ó earnálacha tionscail in Éirinn a tháirgeann eisilteach trádála ardriosca (na hearnálacha bí agus dí, dramhaíola agus cógas-cheimiceacha) agus chun marcóirí a aithint go bhféadfar le hUisce Éireann úsáid a bhaint astu chun monatóireacht a dhéanamh ar a ngréasáin d’eisilteach trádála ó na tionscail seo.
Críochnaithe
Déanfaidh an tionscadal iniúchadh agus reáchtáil ar bhonn píolótach ar na buntáistí féideartha a bhaineann le feidhm a bhaint as Gréasáin Logála Fuaimiúla atá forbartha, an íogair agus néalbhunaithe laistigh de MBÁC chun eolas a chur ar fáil faoi athruithe ó bhonn féideartha i straitéis Faigh agus Deisigh Uisce Éireann.
Críochnaithe
Déanfaidh an tionscadal taighde comhoibritheach seo, le roinnt fóntais uisce/fuíolluisce RA measúnú ar an réimse teicnící infheidhme le hiniúchadh dúnphoill agus athshlánúcháin agus chun deachleachtas a fhorbairt agus sonraíochtaí tionscadail a sholáthar chun éifeachtúlacht oibríochtúla a fheabhsú trína n-úsáid.
Mar gheall ar íogaireacht tráchtála an tionscadail seo, ní féidir linn na haschuir taighde a fhoilsiú.
Críochnaithe
D’fhéach an tionscadal taighde comhoibritheach seo, idir Uisce Éireann, líon fóntais uisce/fuíolluisce agus Ollscoil Cranfield ar an úsáid as TWanna do bhaint P. Dhírigh an tionscadal ar achoimriú a dhéanamh ar an mbonn fianaise atá at fáil ionas go mbeadh sé mar chomhthuiscint ag meastóireacht mhórthionscail TWanna do bhaint P.
Mar gheall ar íogaireacht tráchtála an tionscadail seo, ní féidir linn na haschuir taighde a fhoilsiú.