Skip to main content
Video file

Tionscadal Soláthair Uisce Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre

Tá an acmhainn leis an tionscadal seo freastal ar riachtanais soláthair uisce do suas le 50% de dhaonra an Stáit.


Forléargas ar an tionscadal

Is é ár gcuspóir seirbhísí uisce bunathraitheacha a sholáthar a chuidíonn le pobail déanamh go maith. Do Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre, teastaíonn foinse nua uisce chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin.

I láthair na huaire níl againn ach foinse amháin chun 85% den uisce a sholáthar do Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath – is é sin An Life Mar gheall ar an spleáchas sin ar An Life (agus dhá phríomhionad cóireála an Bhaile Mhóir agus Léim an Bhradáin), cruthaítear leochaileacht an-mhór i leith rioscaí amhail triomach fada agus/nó éilliú. Ina theannta sin, mar gheall ar an bhfás eacnamaíoch, ar an bhfás daonra lena n-áirítear an t-éileamh ar thithíocht agus tionchar an athraithe aeráide, léirítear lenár réamhaisnéisí go mbeidh 34% níos mó uisce ná mar atá ar fáil inniu ag teastáil ón réigiún faoi 2044. Níl an meascán sin d’easnamh soláthair uisce atá ag dul i méid agus easpa athléimneachta soláthair inbhuanaithe – tá foinse nua uisce de dhíth orainn.

Is é an réiteach an Tionscadal Soláthair Uisce Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre. Mar a thionscadal bonneagair náisiúnta criticiúil, beidh sé ábalta tacú le riachtanais soláthair uisce do suas le 50% dár ndaonra. Tabharfaidh sé uisce cóireáilte ó Abhantrach an Phairtín go Mullach na Pise i mBaile Átha Cliath agus beidh an acmhainn leis le haghaidh asbhaintí feadh an bhealaigh i dTiobraid Árann, in Uíbh Fhailí agus san Iarmhí. Éascófar leis freisin soláthairtí a fhreastalaíonn ar Bhaile Átha Cliath a atreorú ar ais go háitiúil i gCeatharlach, i gCill Mhantáin, sa Mhí agus i Lú.

Location
Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre
Status
Pre-Planning
Type
Water


Tionscadal Soláthair Uisce in 2025

Chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil thíos le haghaidh físeán gairid 3 nóiméad.

Cén fáth a bhfuil an Tionscadal Soláthair Uisce de dhíth orainn?

Soláthar uisce a chinntiú do suas le leath de dhaonra na hÉireann

Icon

Soláthraíonn An Life 85% de na riachtanais uisce do 1.7 milliún duine i mBaile Átha Cliath, sa Mhí, i gCill Dara agus i gCill Mhantáin.

Icon

Mar go bhfuiltear ag brath ar fhoinse amháin, ní bheidh aon rogha eile ann má tharlaíonn éilliú nó droch-aimsir.

Icon

Ciallaíonn an fás daonra, an fás eacnamaíoch agus an t-athrú aeráide go mbeidh 34% níos mó uisce de dhíth faoi 2044.

Icon

Tá laghdú sceite ina chuid den réiteach. Tá sprioc againn an sceitheadh ​​i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath a laghdú go dtí faoi bhun 20% faoi 2030 ach teastaíonn foinse nua fós uainn fós.

Icon

Tá gá le foinse nua chun srianta agus bristeacha uisce ar scála mór a sheachaint. Tacóidh sé le fás eacnamaíoch agus tithíocht sa réigiún.

Icon

Leis an bhfoinse nua sin, soláthrófar athléimneacht sa chóras uisce agus cuideoidh sé linn aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an athraithe aeráide.

The proposed pipeline route - Water Supply Project

An Tionscadal

Le Tionscadal Soláthair Uisce Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre atá beartaithe, bainfear 2% ar a mhéad de mheánsreabhadh na Sionainne ag Abhantrach an Phairtín. Tá an tionscadal ag teacht leis an bPlean (Creatphlean) Náisiúnta um Acmhainní Uisce agus leis an bPlean Réigiúnach Acmhainní um Uisce do Réigiún an Oirthir agus an Láir Tíre. Déanfar an méid seo a leanas leis an Tionscadal:

  • Asbhaint uisce as an tSionainn Íochtair ag Abhantrach an Phairtín i gContae Thiobraid Árann, le sruth ó Loch Deirgeirt.
  • Cóireáil an uisce asbhainte i gCnocán an Éin Fhinn, Contae Thiobraid Árann
  • An t-uisce cóireáilte a phíobú feadh achar 170km trí Thiobraid Árann, Uíbh Fhailí agus Cill Dara go dtí taiscumar pointe foirceanta ag Mullach na Pise i gContae Bhaile Átha Cliath
  • Nascfar le gréasán soláthair uisce Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath, agus beidh an acmhainn leis uisce a sholáthar do phobail feadh an bhealaigh.

WSP Map

Eastern and Midlands regional in depth Water Supply Project Map

Tairbhí an Tionscadail

Icon

Tacóidh soláthar uisce slán, athléimneach nua do Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath le fás daonra, fás eacnamaíoch agus tithíocht.

Icon

Agus é ar an gcéad droim uisce riamh ar fud na hÉireann, beidh an acmhainn leis uisce a sholáthar feadh an bhealaigh i dTiobraid Árann, in Uíbh Fhailí agus san Iarmhí.

Icon

Ciallaíonn foinse nua gur féidir linn uisce a fhreastalaíonn ar Bhaile Átha Cliath faoi láthair a atreorú ar ais chuig pobail i Lú, sa Mhí, i gCill Dara, i gCill Mhantáin agus i gCeatharlach.

Icon

Leis an Tionscadal Soláthair Uisce, éascaítear athléimneacht tríd an oiriúnú don aeráid agus le soláthairtí uisce níos inbhuanaithe.

Icon

Cuirfear feabhas leis ar sheirbhísí uisce do phobail áitiúla, trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais thar 36 crios acmhainní uisce.

Icon

Leis an bhfoinse nua, laghdaítear an spleáchas ar An Life, rud a thugann cosaint níos fearr dúinn ó thriomach agus ón athrú aeráide.

Tá an Comhairliúchán Poiblí Dúnta anois.

Bhí Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil 8 seachtaine á thionól ag Uisce Éireann ón 7 Eanáir go dtí an 4 Márta 2025 chun eolas a thabhairt don phobal faoi shonraí an tionscadail atá beartaithe. Bhí aiseolas á lorg ag Uisce Éireann ón bpobal, ó úinéirí talún ar suim leo an scéal, agus ó pháirtithe leasmhara. Mar chuid den chomhairliúchán, reáchtálamar sé imeacht eolais comhairliúcháin i mí Eanáir, reáchtálamar dhá sheimineár gréasáin i mí Feabhra, agus reáchtálamar imeacht eolais d’ionadaithe ainmnithe  Bhí seomra comhairliúcháin fíorúil ar fáil 24/7 le linn an chomhairliúcháin. D’éascaíomar a seacht déag sheisiún eolais chomh maith le príomh-pháirtithe leasmhara.

Déan teagmháil linn

Icon

Ríomhphost

watersupply@water.ie

Imeachtaí Faisnéise an Chomhairliúcháin Phoiblí Roimhe Seo:
DátaLáthairAmIonad
15 Eanáir 2025Béal an ÁthaLakeside Hotel4-8in
16 Eanáir 2025An tAonachAbbeycourt hotel4-8in
22 Eanáir 2025An Tulach MhórTullamore Court Hotel4-8in

23 Eanáir 2025*

*Bhí sé beartaithe an t-imeacht i mBiorra a bheith ar siúl ar an 23 Eanáir, ach rinneadh é a athsceidealú go dtí an 30 Eanáir mar gheall ar Stoirm Éowyn.

BiorraBirr County Arms4-8in
28 Eanáir 2025Droichead Bhaile SheáinHamlet Court Hotel4-8in
29 Eanáir 2025Maigh NuadThe Glenroyal hotel4-8in

Seisiún gréasáin réamhthaifeadta

Ag Teacht go Luath...is féidir leat éisteacht ar ais lenár seimineár gréasáin atá óstáilte ag Foireann an Tionscadail chun cuidiú leat aighneacht a dhéanamh.

Water Supply Project Eastern and Midlands Region webinar recording

Na Chéad Chéimeanna eile

Icon

Faomhadh an Tionscadal Soláthair Uisce i bprionsabal faoi Threoirlínte Bonneagair an Rialtais.

Icon

Cuirfear ar aghaidh anois chuig an bpleanáil é. Cuirfidh Uisce Éireann iarratas ar Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh faoi bhráid an Bhoird Pleanála.

Icon

Tá an tógáil faoi réir cead pleanála, agus glacfaidh sé 4-5 bliana.

WSSP Timeline Roadmap

Project consultation roadmap

Contact us

Get in touch with us if you have questions about the Water Supply Project, Eastern and Midlands Region. Call us on 01 2027770 or email us at watersupply@water.ie