Skip to main content

Náisiúnta um Bainistiú Sloda Fuíolluisce (NWSMP)

Leagann an Plean Náisiúnta um Bainistiú Sloda Fuíolluisce (NWSMP) cur chuige caighdeánaithe náisiúnta amach chun a chinntiú go ndéantar sloda fuíolluisce cóireáilte a bhainistiú, a stóráil, a iompar agus a athúsáid ar bhealach inbhuanaithe agus éifeachtach, chun sláinte an phobail agus an chomhshaoil a chosaint. 

Tá tús curtha ag Uisce Éireann le hathbhreithniú agus nuashonrú an NWSMP. Soláthróidh an t-athbhreithniú atá beartaithe ar an bplean nuashonrú ar dhul chun cinn na moltaí sa bhun-NWSMP reatha. Áireofar ann sonraí maidir le bainistiú sloda agus an chaoi a dtabharfaidh na gníomhaíochtaí sin aghaidh ar an athrú aeráide, ar inbhuanaitheacht agus ar thionscnaimh an gheilleagair chiorclaigh. Tabharfaidh an plean athbhreithnithe aghaidh freisin ar athruithe sa reachtaíocht agus ar dhea-chleachtas, nithe a tháinig chun cinn sa tréimhse ó foilsíodh an plean reatha in 2016.

Tá Uisce Éireann i mbun teagmhála leis na húdaráis reachtúla comhshaoil maidir le Tuarascáil Scópála na Measúnachta Straitéisí Comhshaoil (MSC). 

Cén fáth a bhfuil gá leis an NWSMP?

Agus méadú ag teacht ar dhúshláin chasta amhail an t-athrú aeráide, glanspriocanna nialasacha, próisis cóireála fuíolluisce agus fás daonra, tá Uisce Éireann tiomanta do bhonneagar fuíolluisce a sheachadadh a fhreastalaíonn ar riachtanais na sochaí agus a chosnaíonn agus a fheabhsaíonn ár gcomhshaol amach anseo.  

Tugann cur i bhfeidhm an NWSMP aghaidh ar na dúshláin seo trí chreat agus caighdeán a sholáthar do bhainistiú inbhuanaithe sloda fuíolluisce ón gcóireáil go dtí an athúsáid.

Cuireann an NWSMP reachtaíocht reatha agus treoirdhoiciméid san áireamh maidir le cóireáil agus úsáid an tsloda fuíolluisce/bithsholaid, chomh maith le tionchair fhéideartha ar an gcomhshaol agus inbhuanaitheacht na dtograí. Úsáidtear moltaí an NWSMP chun eolas a thabhairt do ghníomhaíochtaí caipitil agus oibriúcháin amach anseo maidir le bainistiú sloda fuíolluisce.

NWSMP infographic in irish

An NWSMP reatha

Ghlac Uisce Éireann leis an gcéad Phlean Náisiúnta um Bainistiú Sloda Fuíolluisce (NWSMP) in 2016 inar leagadh amach ár straitéis chun sloda fuíolluisce a bhainistiú thar thréimhse 25 bliain.

Tá bróisiúr faisnéise ina bhfuil achoimre ar na príomhbhearta atá san áireamh sa NWSMP ar fáil anseo.

Féach ar an leabhrán achomair.

Measúnacht ar an gComhshaol agus Comhairliúchán

Rinneadh Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) agus Measúnacht Chuí (MC) i gcomhthráth le forbairt an NWSMP. Bhí an pobal i gcoitinne, páirtithe leasmhara agus comhlachtaí reachtúla páirteach i bhforbairt an NWSMP mar chuid de phróiseas MSC agus MC trí chomhairliúchán poiblí ag príomhchéimeanna.  Rinne foireann an tionscadail athbhreithniú ar an aiseolas go léir a fuarthas le linn na gcomhairliúchán poiblí agus cuireadh aiseolas ábhartha san áireamh sa NWSMP deiridh. Leagann an Ráiteas MSC amach an chaoi ar comhtháthaíodh cúrsaí comhshaoil ​​isteach sa NWSMP agus an tionchar a bhí ag comhairliúchán ar fhorbairt an NWSMP. 

Athbhreithniú ar an NWSMP agus ar Mheasúnachtaí Comhshaoil

Tá tús curtha anois ag Uisce Éireann ar an bpróiseas chun an NWSMP a athbhreithniú agus a nuashonrú.

Mar chuid den athbhreithniú agus nuashonrú ar an NWSMP, déanfar Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) agus Measúnacht Chuí (MC). 

Déanann MSC measúnú ar na héifeachtaí comhshaoil ​​suntasacha dóchúla a bhainfeadh le plean nó clár a chur i bhfeidhm. Tá an MSC den NWSMP athbhreithnithe ag an gcéim scóipeála faoi láthair. Ag an gcéim seo den phróiseas MSC, socraítear na saincheisteanna comhshaoil ​​ábhartha agus leibhéal an mhionsonraithe ar cheart measúnú a dhéanamh orthu. Tá Uisce Éireann i mbun teagmhála leis na húdaráis reachtúla comhshaoil maidir le Tuarascáil Scópála na Measúnachta Straitéisí Comhshaoil (MSC).

Is measúnú é MC ar an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag plean nó ag tionscadal ar Limistéir Caomhantais Speisialta (LCS Caomhnú) agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LCS Cosaint). Is limistéir ainmnithe iad seo faoi Dhlí an Aontais Eorpaigh (an Treoir maidir le Gnáthóga agus Éin) agus tá siad deartha chun cuspóirí caomhantais a bhaint amach. Tá an MC den NWSMP athbhreithnithe ag an gCéim Scagthástála faoi láthair. Rinneadh an NWSMP a ‘scagthástáil’ maidir le MC. 

An Uisce Éireann engineer on a roadwork site

Cad a tharlaíonn anois

Beidh comhairliúchán poiblí ocht seachtaine ann i ndeireadh 2024 / i dtús 2025 maidir leis an Dréachtphlean Náisiúnta um Bainistiú Sloda Fuíolluisce athbhreithnithe, an Tuarascáil Comhshaoil MSC, agus an Ráiteas Tionchair Natura.