Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí
Tá fás an-suntasach i gCathair Chorcaí agus sna ceantair máguaird mar thoradh ar rath eacnamaíoch Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí. Tá sé beartaithe leis an gCreat Náisiúnta Pleanála 2040 go mbeidh Corcaigh ar an réigiún cathrach is mó fáis in Éirinn le méadú réamh-mheasta 50% go 60% ar a dhaonra sa tréimhse suas go dtí 2040. Mar thoradh ar an bhfás sin, is dúshláin roimh an mbonneagar draenála fuíolluisce coinneáil suas leis an éileamh méadaithe ar thalamh sheirbhísithe nua le haghaidh tithíochta, forbairtí tráchtála agus tionscail.
Tá sé d'aidhm againn Dréacht-Straitéis Fuíolluisce inbhuanaithe agus cost-éifeachtúil a bhunú do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí a fhreastalaíonn ar na riachtanais draenála réamh-mheasta go dtí 2080. Sainaithneofar i Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí straitéisí agus tionscadail draenála inbhuanaithe do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí atá ag fás.
An Straitéis
I Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí, breithneofar cumas an bhonneagair fuíolluisce atá ann cheana agus sainaithneofar roghanna maidir le bonneagar fuíolluisce a uasghrádú agus bonneagar fuíolluisce nua a thógáil suas go dtí 2080. Áireofar leis an straitéis anailís ar an mbonneagar fuíolluisce atá ann cheana chomh maith le bailiú sonraí, measúnuithe ar fhás an daonra agus ar fhás eacnamaíoch, measúnacht straitéiseach timpeallachta, comhairliúchán le páirtithe leasmhara chun réitigh mheántéarmacha agus fhadtéarmacha a shainaithint ar riachtanais an réigiúin maidir le fuíolluisce. Beidh an straitéis i gcomhréir le hoibleagáidí reachtúla agus le spreagthaí rialála arna ndearadh chun cuspóirí timpeallachta náisiúnta agus idirnáisiúnta araon a chomhlíonadh ar a bhfuil achoimre sa Chreat-treoir Uisce (CTU) agus sna Treoracha maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh (TCFU).
An Limistéar Staidéir
Áirítear leis an limistéar staidéir Mórcheantar Uirbeach Chorcaí agus Greanach mar a léirítear i bhFíor 1. Is mórcheantar uirbeach réigiúnach é Mórcheantar Uirbeach Chorcaí (MUC), arna shainaithint amhlaidh sa Chreat Náisiúnta Pleanála agus sa Straitéis Spáis agus Eacnamaíochta Réigiúnach.
Áirítear le MUC Cathair Chorcaí, a bruachbhailte agus na bailte agus na ceantair thuaithe atá ar fhíorimeall Chathair Chorcaí mar aonad comhtháite amháin. Clúdaíonn an MUC 820km2, agus tá daonra beagán os cionn 307,500 ina gcónaí ann, mar a cinneadh ó Dhaonáireamh 2022 le méadú ar an bhfás ar dhaonra Cheantar Cathrach Chorcaí go dtí 476,000 in 2040. Tá breis agus 25 baile agus sráidbhaile i gceist sa limistéar staidéir chomh maith le lárionad uirbeach
An gá atá leis an staidéar:
Tá roinnt dúshláin soláthair uisce le sárú ag Mórcheantar Uirbeach Chorcaí, lena n-áirítear:
- Méadú ar an daonra.
- Dúshláin reatha maidir le comhlíontacht i gcás roinnt ionaid cóireála fuíolluisce agus líonraí séarachais sa limistéar staidéir.
- Riachtanais acmhainne maidir le cóireáil agus líonra fuíolluisce chun déileáil le hualaí reatha agus sa todhchaí ó Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí.
- Brúnna ar na dobharlaigh ghlactha ó sceitheadh fuíolluisce laistigh de Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí.
- Tionchair an Athraithe Aeráide.
Comhairliúchán a hAon:
Inár gcéad chomhairliúchán poiblí do Straitéis Fuíolluisce Chorcaí, lorgaíomar d'ionchur sa Tuarascáil Scagthástála ar an bPáipéar Saincheisteanna, ar an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus ar an Measúnacht Chuí (AA). Bhí an comhairliúchán ar siúl ón 15 Bealtaine go dtí an 23 Iúil 2024. Chomh maith le haiseolas a bhailiú a bhain le torthaí an chomhairliúcháin phoiblí seo, tugadh léargas ar dhearcadh i leith na straitéise.
Déan teagmháil linn
Post: Cork Wastewater Strategy, Uisce Éireann, PO Box 860, South City Delivery Office, Cork City.
Na Chéad Chéimeanna eile - Comhairliúchán a Dó:
Nuair a bheidh comhairliúchán 1 thart, déanfaidh Uisce Éireann athbhreithniú agus plé ar an aiseolas a fuair sé ó na páirtithe leasmhara. Foilseofar Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí in 2025, agus déanfar comhairliúchán poiblí reachtúil ocht seachtaine, sula ndéanfar í a athbhreithniú agus a thabhairt chun críche in 2025.