Deireadh anois díreach le srianadh uisce is t’oíche ar Inis Oírr
Is mian le hUisce Éireann a chur in iúl do chustaiméirí ar Inis Oírr go bhfuil deireadh láithreach bonn leis an srianadh uisce is t’oíche a bhí i bhfeidhm go dtí seo.
Bhí srianadh uisce i bhfeidhm ar Inis Oírr gach oíche ó 11pm go 7am chun na hacmhainní ísle uisce ar an oileán a chaomhnú.
Bhí gá leis an srianadh thar tréimhse an tsamhraidh chun a chinntiú go raibh soláthar leanúnach uisce ar fáil i rith an lae, do mhuintir na háite agus do ghnólachtaí chun críocha sláinteachais agus chun críocha riachtanacha eile.
Méadaíodh soláthairtí go mór trí uisce a thabhairt i dtír ó Ros an Mhíl le roinnt míonna anuas.
Dúirt Tom Kelly ó Uisce Éireann: “Ar an dea-uair tá cúltaiscí uisce ar an oileán tagtha chucu féin arís agus faoi láthair tá go leor uisce ar fáil chun soláthar uisce leanúnach don gheimhreadh a chinntiú. Leanfaidh Uisce Éireann orthu ag déanamh monatóireachta ar an soláthar agus ag cothú an tsoláthair dár gcustaiméirí ar Inis Oírr."
‘Ba mhaith linne ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le muintir na háite, le gnónna agus le cuairteoirí chuig an oileán as a n-iarrachtaí an t-uisce a chaomhnú i rith tréimhse an tsrianta.
Tá Uisce Éireann tiomanta do chustaiméirí a choimeád ar an eolas thar roinnt ardán 24/7 agus molaimid do chustaiméirí teagmháil a dhéanamh linn tríd an láithreán gréasáin, trí cháineálacha X @IWCare agus @IrishWater, ar Facebook agus Linkedin agus tríd an líne fhóin do chúram custaiméirí a bhíonn ar oscailt 24/7 ar 1800 278 278.
Tá seirbhís téacsteachtaireachta, saor in aisce seolta ag Uisce Éireann a chuireann eolas réad-ama ar fáil maidir le fadhbanna áitiúla. Is féidir le custaiméirí clárú don tseirbhís leis an Éirchód agus an uimhir ghutháin ag www.water.ie
An nuacht is déanaí
Tá Uisce Éireann ag iarraidh ar chustaiméirí ar Inis Oírr an t-uisce a chaomhnú, toisc go bhfuil srianta uisce a bhfuil géarghá leo i bhfeidhm thar oíche chun leibhéil uisce sa tascumar ar an oileán a chaomhnú.
Beidh na srianta i bhfeidhm gach oíche ó 11pm go 7am ag tosú ar an 6 Bealtaine 2024.
Tá Tony Kelly ó Uisce Éireann an-aireach faoin éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag na srianta seo ar chustaiméirí ach cuireann sé béim mhór ar a dtábhacht. "Tá na srianta seo riachtanach chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh soláthar leanúnach uisce i rith an lae ar fáil do mhuintir na háite agus do ghnónna ar Inis Oírr. Cuirtear na srianta seo i bhfeidhm ag na hamanna is lú a chuirfidh isteach ar chustaiméirí."
"Táimid ag iarraidh ar chustaiméirí a bheith aireach faoi úsáid an uisce. Is féidir an t-éileamh ar uisce a laghdú trí ghníomhaíochtaí caomhnaithe simplí a chur i gcrích. Is féidir suas le 06 lítear uisce in aghaidh an nóiméid a shábháil má chastar an sconna as fad is a mbítear ag scuabadh fiacla nó ag bearradh feasóige. Is féidir an-chuid uisce a chaomhnú má thógtar cith seachas folcadh, má bhaintear úsáid as canna spréite seachas píobán nuair a bhíonn garraíodóireacht ar siúl. Táimid ag cur i gcuimhne do dhaoine atá freagrach as áitribh atá folamh faoi láthair séiceáil a dhéanamh do sceití agus an t-uisce a mhúchadh nuair nach bhfuil sé ag teastáil. Tá an-chuid nodanna faoi chaomhnú uisce i do theach féin ar fáil ar an láithreán gréasáin ag https://www.water.ie/conservation/ "
Ba mhaith le hUisce Éireann buíochas a ghabháil lena chustaiméirí as a n-iarrachtaí uisce a chaomhnú fad is atá an obair á bhrú ar aghaidh chun a chinntiú go bhfuil soláthar leanúnach uisce ar fáil do chách. Tá eolas breise ar fáil ach cuairt a thabhairt ar an mír Soláthar agus Seirbhís ar an láithreán gréasáin. Bíonn líne chabhrach Uisce Éireann do chustaiméirí ar oscailt 24/7 agus is féidir le custaiméirí glaoch a chur orainn ar 1800 278 278 nó teagmháil a dhéanamh linn ar X @IWcare.