Is é an Grá Fintan don Ghaeilge a chuidíonn le sruthú uisce i nGaeltachtaí na Gaillimhe
Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil ar fud na tíre ach is Seachtain na Gaeilge í chuile sheachtain in Ionad Cóireála Uisce na Ceathrún Rua.
Tá Fintan Joyce ó Uisce Éireann i mbun cainte le feighlí ionaid Pádraig Feeney agus le maoirseoir Brendan Hynes faoi cháilíocht amhuisce, leibhéil sna taiscumair agus faoin uisce a shábháiltear toisc go ndeisítear piobáin agus tá an chaint ar fad trí Ghaeilge.
As na 38 gcinn d’ionaid chóireála uisce atá ag Uisce Éireann i gCo. na Gaillimhe, tá 10 gcinn lonnaithe sa Ghaeltacht. Dar le Fintan is mór an buntáiste dó an Ghaeilge ó cheapadh é dhá bhliain ó shin, chun tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do na feighlithe ionaid ar fud Chontae na Gaillimhe.
‘Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste’ dar leis na leaids, ach déanta na fírinne tá Gaeilge álainn líofa ag Fintan.
In ainneoin nár fhreastal sé ar Bhunscoil ná ar Mheánscoil Lán-Ghaeilge. Le bheith macánta faoi, ba trí Bhéarla a fuair sé a chuid oideachais agus níorbh í an Ghaeilge a mháthairtheanga ach d’fhás sé aníos ar imeall na Gaeltachta agus trí a bheith ag caint is ag comhrá leis na seandaoine ina cheantar cothaíodh ann ardmheas ar an nGaeilge.
‘Ba as Rosmuc do mo mháthair agus ní raibh focal Béarla aici go dtí go raibh sí tuairim is 17 nó 18 mbliana déag d’aois, thuig sí go rímhaith an míbhuntáiste a bhain le bheith gann ar Bhéarla, agus bhog m’athair isteach chuig an nGaeltacht, mar gheall ar sin níor brúdh an teanga orainn ar chor ar bith.’
Sa lá inniu ann is san obair amháin a labhraíonn sé Gaeilge.
‘Tá sé níos fusa dom mo phost a dhéanamh toisc go bhfuil Gaeilge líofa agam. Nuair a thosaigh mé ag obair in Uisce Éireann, bhí sé níos fusa dom aithne a chur ar na feighlithe sna Gaeltachtaí agus iad a chur ar a suaimhneas toisc go raibh mé ag labhairt Gaeilge.
‘Níl mo Ghaeilge scríofa go hiontach ach is cuma sa diabhal leis na leaids sna hionaid mura bhfuil mo chuid gramadaí foirfe nó mura bhfuil cur amach agam ar aon fhilí!’
Dar le Brendan Hynes, a bhfuil taithí 26 bliana aige i seirbhísí uisce, ní éiríonn eatarthu ná ní labhraíonn siad focal Béarla ach go fíor annamh.
‘Bímid de shíor ag caint as Gaeilge’ ‘Is féidir linn ár gcuid oibre a dhéanamh ó lá go lá trí Ghaeilge.’
Is comharsana iad Brendan agus Pádraig as Leitir Móir. Cuireadh oideachas ar an mbeirt trí Ghaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Labhraíonn siad Gaeilge sa bhaile, freastalaíonn a bpáistí ar scoileanna Lán-Ghaeilge, agus tuigeann siad féin agus Fintan nach bhfuil an cúpla focal ag chuile dhuine.
‘Thuigfeá ón mbeannú cén teanga is fearr a úsáid,’ a dúirt Pádraig.
‘Tugadh gach spreagadh dúinn a bheith go maith ag an mBéarla, chaith mo mháthair seal i Meiriceá agus thuig sí gur rud deas é an Ghaeilge a bheith ag duine ach gur tábhachtaí an Béarla chun dul chun cinn a dhéanamh sa saol. Ní raibh an Ghaeilge in úsáid lasmuigh de do dhúthaigh féin,’ a mhínigh Brendan.
‘Tá an Ghaeilge chomh láidir anseo is atá sí in áit ar bith eile sa tír, tá an Cheathrú Rua i gcroílár na Gaeltachta. Is deas an rud é bheith ag caint as Gaeilge anseo ach más mian leat tabhairt faoi chúrsaí nó aon rud ní foláir duit an Béarla a bheith agat.’
Tuigeann an tríúr go rímhaith go bhfuil géarghá leis an nGaeilge a chur chun cinn, nó caillfear í go deo. Tá cónaí ar Fhintan sa Ghaeltacht go fóill, labhair 20 nó 25 chlann an Ghaeilge sa sráidbhaile fadó, anois níl gach ceithre nó cúig chlann ann a labhraíonn an Ghaeilge.
“Is beag áit atá ar aon dul leis an gCeathrú Rua, áit a bhfuil an Ghaeilge beo beathach inti, is iad imeachtaí ar nós Sheachtain na Gaeilge a chintíonn go bhfuil an tír ag tabhairt faoi an nGaeilge a tharrtháil,”
“Tá ár gcanúint féin againn i nGaeltacht Chonamara agus déantar ‘Gaeilge na leabhar’ a theagasc chuig na páistí scoile ach tuigim go bhfuil gá le comhghéilleadh. Is gá go dtuigfeadh muintir Dhún na nGall muintir Chonamara agus Chiarraí a chéile. Tá gá le chomghéilleadh,”
Creid é nó ná creid é, ach tógann oibithe ionad cóireála uisce na Ceathrún Rua go dáiríre é go bhfuil an t-ionad sa Ghaeltacht. Chuile shamhradh tagann na míle dálta chuig na Coláistí samhraidh agus bíonn méadú mór ar an éileamh ar uisce dá réir.
“Ní haon deacracht é sin toisc go ndéantar sárbhainistiú ar an ionad ach bíonn sásamh iontach le baint as uisce atá glan agus sábháilte a chur ar fáil do phobail an bhliain ar fad. Bíonn an t-uafás oibre ar siúl nach bhfeiceann éinne agus níl aon amhras faoi ach gur mór an chabhair é an cúpla focal chun a chinntiú go bhfeidhmíonn an próiseas gan aon stró.”