Maidir le hEisilteach Tráchtála
Dramhaíl leachta is ea é eisilteach trádáil atá caitheamh amach as gnólachtaí go dtí an séarach poiblí. Ní mór ceadúnas eisilteach tráchtála a bheith agat as seo.
Tá éagsúlacht ag nádúr doirteadh eisiltigh trádála ó thaobh nádúir, comhdhéanamh agus méid de, ag brath ar an ngnó. Tá acmhainn éagsúil inár séaraigh agus inár ngléasraí cóireála fuíolluisce freisin.
Ciallaíonn an méid seo go gcaithfimid gach sceitheadh chuig ár líonra séarachais a mheas agus a rialáil d'fhonn a chinntiú go ndéantar sláinte an phobail agus an comhshaol a chosaint go hiomlán
Ceadúnas Eisilteach Tráchtála
Rialaíonn muid nó an EPA sceitheadh eisiltigh trádála chuig séarach. Ní mór duit ceadúnas eisiltigh trádála nó ceadúnas EPA a bheith agat chun eisilteach trádála a scaoileadh chuig an séarach. Cinnfidh scála na gníomhaíochta an t-údarás rialála atá freagrach as an eisilteach trádála a scaoiltear chuig an séarach a cheadúnú.
Leagann ceadúnas eisiltigh trádála amach coinníollacha nach mór a leanúint, cosiúil le:
- An nádúr, comhdhéanamh agus an toirt atá ag an urscaoilte
- Modh na cóireála, suíomh an scaoilte agus na tréimhsí ar féidir urscaoileadh a dhéanamh
- Tógáil agus anailísiú samplaí eisiltigh trádála agus na taifid eisiltigh trádála nach mór a choinneáil
- Muirir is infheidhme maidir le heisilteach trádála a urscaoileadh, arna cheadú ag an CRU
Is íocaíocht aonuaire í an táille iarratais agus is € 380 í. Beidh na muirir as seirbhísí ginearálta uisce agus fuíolluisce a sholáthar de réir na muirear mar atá leagtha amach inár bPlean Muirir.